Terug naar de cover
Terug naar de inhoudstafel
(Vertaling / Translation)

Aifric Mac Aodha

Nairciseas Narcissus
Samhradh 1998
do M.

 
Ar an mbus dom,
Mé leath im' chodladh,
Ghread géaga an Gheimhridh
De liathgheit in éadan
Na fuinneoga taobh liom.
 
Ach aismseoidh mé
Bóthar ciúin go fóill,
Áit nach mbéarfaidh
Na crannchrúba caola
A ngreím géar orm.
 
Seasfaidh mé le Nairciseas
Sa log ina bhfasann
An tsaileach fhalsa,
Ar an mbruach sábháilte,
Mé faoi choimirce na mbláthanna.
 
'S fad is a dhéanann an abhainn
Gabháil gan ghrá
Le croíthe dochta na gcloch,
Bainfidh mise lán mo shúl
As mo scáil féin sa sruth.
 
Mar nach ann do rud ar bith
Lasmuigh díomsa
A scanróidh as an suan seo
Arís mé.

 
Summer 1998
To M

 
On a bus once,
as I half-slept,
sudden winter branches
whipped against the pane.
Grey wakeners.
 
Still I will discover
a quiet path,
a place where tree limbs
cannot clench me.
 
 
I will stand beside Narcissus,
in a hollow of
indolent willows,
on a safe bank,
where flowers will conceal me.
 
And as long as the water engages
in a loveless embrace
with stones held rigid,
I will stare
at my own reflection in the river.
 
Oh I will discover a quiet road yet,
for from now on there will be nothing,
nothing outside myself
to unsettle me.
© Aifric Mac Aodha